á ríméad ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe na Gradaim Pobail Níos Glaine a fhógairt. Comórtas é seo a bheidh siúl ar fud an chontae agus é d’aidhm leis Contae na Gaillimhe a dhéanamh níos glaine agus níos glaise le cónaí ann. Tugann na Gradaim aitheantas don obair a dhéanann cónaitheoirí, grúpaí pobail agus gnólachtaí d’fhonn an áit a choinneáil saor ó bhruscar agus slachtmhar le súil is mórtas a chothú sa cheantar áitiúil.
Tá réimse leathan catagóirí sa chomórtas. Féadfaidh tú mar sin baile, sráidbhaile, scoil, eastát tithíochta nó go deimhin cuid den eastát a iontráil. Dé hAoine an 3ú Iúil 2015 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Seo é do sheans aitheantas a fháil don obair mhór a dhéantar i gcaitheamh na bliana. Iarraimid ar gach pobal cuir isteach ar an gcomórtas. Cé chaoi a mbuafaidh tú mura mbeidh tú sa chomórtas?!!
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcomórtas déan teagmháil leis an Aonad Pobail, Fiontraíochta agus Forbartha Eacnamaíochta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Halla an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, www.galway.ie nó glaoigh ar 091 509521.
Féile na Bealtaine i nGaillimhe
Beidh féile na Bealtaine ar siúl ar feadh mhí na Bealtaine agus ceiliúrfar an chruthaitheacht i measc daoine scothaosta! Ó dhamhsa go scannáin, péinteáil go drámaíocht, léiríonn Bealtaine tallanna agus cruthaitheacht ealaíontóirí scothaosta céaduaire agus gairmiúla.
I mbliana, tá Comhairle Contae na Gaillimhe tar éis Bróisiúr Bhealtaine do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe a chur ar fáil chun feasacht a léiriú agus a chruthú ar na himeachtaí iontacha go léir a bheidh ar siúl ar fud na Gaillimhe.
An déantóir priontaí cáiliúil Margaret Irwin West a sheolfaidh Bealtaine i nGaillimh Déardaoin an 30 Aibreán ag 2pm in óstán an House Hotel, Paráid na Spáinneach, Cathair na Gaillimhe. Beidh sólaistí ar fáil, chomh maith le snagcheol agus deis damhsa chomh maith! Beidh fáilte mhór roimh chách.

Tá sé fógraithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail & Óige go bhfuil maoiniú caipitil ar fáil anois do Sheirbhísí Pobail Cúraim Leanaí.
Tuillead eolais agus foirmeacha iarratais ar line ar fáil ag https://www.pobal.ie/FundingProgrammes/EarlyEducationandChildcare/Pages/Childcare-Capital.aspx
Spriocdháta le haghaidh iarratais a chur isteach- 15:00 Dé Céadaoin 7 Bealtaine 2014.
Má tá aon cheist agat, ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh le d'Oifigeach Forbartha ag Coiste Cúram Leanaí Chathair & Chontae na Gaillimhe
module_blog,i,10788}